Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann 

Tá ról foirmiúil comhordaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar fud na seirbhíse poiblí maidir le Staidreamh Oifigiúil. Tá an ról comhordaithe seo leagtha síos i gcomhthéacs dlíthiúil i reachtaíocht náisiúnta (an tAcht Staidrimh, 1993) agus AE araon (Airteagal 17a de Rialachán 223/2009 arna leasú le Rialachán 2015/759).

Le go mbeidh luach ag baint le Staidreamh Oifigiúil ní mór iad a bheith iontaofa. Chun muinín a bhaint amach agus a chothabháil ní mór staidreamh a tháirgeadh ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus neamhspleách. In an-chuid tíortha, forbraíodh cóid chleachtais le haghaidh Staidreamh Oifigiúil chun na prionsabail sin a chumhdach agus chun muinín a chosaint. Cé go bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfaidh tiomsaitheoirí staidreamh Eorpach Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, ní raibh aon chaighdeán inchomparáide ann in Éirinn maidir le haon Staidreamh Oifigiúil náisiúnta eile. Moladh sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011 (moladh 2.10) go bhforbródh an CSO Cód Cleachtais agus caighdeáin chun sonraí a bhailiú agus a úsáid chun críocha staidrimh sa tSeirbhís Phoiblí.

Nuair a tugadh isteach Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (ISSCoP) in 2013 do thiomsaitheoirí Staidrimh Oifigiúil i gCóras Staidrimh na hÉireann (ISS) tugadh aghaidh air seo. Ina Thosaíochtaí Straitéiseacha maidir le Staidreamh Oifigiúil 2021-2026, chuir an Bord Náisiúnta Staidrimh béim arís ar thábhacht an ISSCoP agus mhol sé gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí a tháirgeann Staidreamh Oifigiúil céim chomhlíonta a bhaint amach ionas go ndéanfaí a n-aschur a brandáil le marc dearbhaithe cáilíochta ISSCoP.

Comhaontóidh Ard-Stiúrthóir na Phríomh-Oifige Staidrimh liosta staitisticí oifigiúla le gach comhlacht phoiblí a tháirgeann staitisticí laistigh de Chóras Staidrimh na hÉireann. Déanfar na staitisticí seo a mheas i gcomparáid leis an gCód.

Ní ainmnítear ach na staitisticí siúd a mheastar a bheith ag teacht le Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (ISSCoP) mar staitisticí oifigiúla agus is iad seo amháin a fhoilseofar faoi Lógó ISSCoP.

Foilsíodh leagan 1.0 den Chód i Mí na Samhna 2013.

Naisc Ghaolmhara

Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann [EN] (PDF 1,282KB)

An tAcht Staidrimh, 1993

Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011 [EN] (PDF 374KB)

Staidreamh Oifigiúil 2021-2026,

Staitisticí Eorpacha Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh [EN]

Bunphrionsabail Staidrimh Oifigiúil na Náisiún Aontaithe [EN]

Clár Staidrimh Oifigiúil

‌‌