Córas Staidrimh na hÉireann

Cuimsíonn Córas Staidrimh na hÉireann (ISS) na codanna sin den earnáil phoiblí a bhfuil baint acu le Staidreamh Oifigiúil a bhailiú (cibé acu go díreach nó go hindíreach), a phróiseáil, a thiomsú nó a scaipeadh. In Éirinn, déanann an CSO Staidreamh Oifigiúil a tháirgeadh, chomh maith le raon ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit eile.

An Phríomh-Oifig Staidrimh 

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig staidrimh náisiúnta na hÉireann agus é mar príomhchuspóir aici staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil ar bhonn neamhspleách maidir le muintir, shochaí agus gheilleagar an stáit.

Go sonrach, is é sainordú an CSO "Faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus coinníollacha eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa stát a bhailiú, a thiomsú, a asbhaint agus a scaipeadh chun críocha staidrimh".

 Tá ról foirmiúil comhordaithe ag an CSO freisin ar fud na seirbhíse poiblí maidir le Staidreamh Oifigiúil. Tá an ról comhordaithe seo leagtha síos i gcomhthéacs dlíthiúil i reachtaíocht náisiúnta (an tAcht Staidrimh, 1993) agus AE ( Arna leasú Rialachán EC No. 223/2009)  arna leasú le Rialachán 2015/759).

Údaráis Náisiúnta Eile

Tugtar Údaráis Náisiúnta Eile (ÚNE) ar na comhlachtaí seirbhíse poiblí in Éirinn, seachas an CSO, atá páirteach i bhforbairt, táirgeadh agus dáileadh staitisticí Eorpacha. Tá freagracht ar an CSO cinntiú go gcloíonn ÚNEnna le caighdeáin cáilíochta do staitisticí Eorpacha de réir mar atá leagtha amach san ESCoP faoi dhlí staidrimh an Aontas Eorpaigh. Cinntítear staitisticí Eorpacha sa gclár staidrimh Eorpach.

Cad is Staidreamh Eorpach ann?

Rialachán (CE) 223/2009 leagtar amach an creat don Staidreamh Eorpach atá tiomsaithe ag na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis Chomhphobail lena mbaineann.

Is staitisticí iad an staidreamh Eorpach a bhfuil gá leo chun gur féidir gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích i gceart.  Cinntear staitisticí Eorpacha sa Chlár staidrimh Eorpach. Forbrófar iad, táirgfear iad agus eiseofar iad de réir na bprionsabal staidrimh atá leagtha amach in Airteagal 285(2) den gConradh agus a bhfuil tuilleadh mínithe tugtha orthu i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh de réir Airteagail 11.

Tiomsaitheoirí Eile an Staidrimh Oifigiúil in Éirinn

Tá tiomsaitheoirí eile d’ábhar staidrimh oifigiúil in Éirinn nach rangaítear ina ÚNEnna. Sainmhínítear Staidreamh Oifigiúil san Acht Staidrimh, 1993 mar ábhar staidrimh a thiomsaíonn an CSO nó aon údarás poiblí eile.

Seirbhís Staidrimh Rialtas na hÉireann

Tugtar Seirbhís Staidrimh Rialtas na hÉireann (IGSS) ar an ngréasán staitisteoirí ar iasacht ón bPríomh-Oifig Staidrimh atá ag obair i ranna rialtais agus i gcomhlachtaí eile na hearnála poiblí. Amhail R3 2023, bhí 39 staitisteoir ar iasacht agus tá an clár oibre seo chun seirbhís anailísithe a chomhordú ar bhealach níos stuama ag bailiú nirt, faoi scáth na Príomh-Oifige Staidrimh.

Tá baint ar leith ag na forálacha seo a leanas den Acht Staidrimh leis an gCóras Staidrimh:

Alt 11

(1) Féadfaidh an Oifig socruithe a dhéanamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile chun faisnéis a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach nó a scaipeadh chun críocha staidrimh.

(2) Coinneoidh an Oifig teagmháil dhlúth rialta leis na príomhúsáidirí agus na príomhsholáthróirí staidrimh.

Alt 30

(1) D’fhonn cabhrú leis an Oifig i bhfeidhmiú a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, trí fhógra a sheachadadh, a iarraidh ar aon údarás poiblí—

(a) a cheadú d’oifigigh staidrimh, gach tráth réasúnach, rochtain a bheith acu ar aon taifid atá faoina chúram, iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, agus

(b) cóipeanna nó sleachta as aon taifead den sórt sin a sholáthar don Oifig, má éilíonn aon oifigeach den sórt sin amhlaidh, agus déanfaidh an t-údarás poiblí, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh saor in aisce.

 Maidir le fo-alt (2) den alt seo -

(a) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid a bhaineann le Cúirt, leis an nGarda Síochána, le riarachán na bpríosún nó leis an Ombudsman nó le haon duine dá chuid oifigeach;

(b) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid liachta nach bhfuil ar fáil go poiblí ach amháin le comhaontú an Aire Sláinte;

(c) beidh éifeacht leis i ngach cás eile d’ainneoin aon ní atá in aon achtachán seachas forálacha chun ord poiblí nó slándáil an Stáit a chosaint.

Alt 31

(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a iarraidh ar aon údarás poiblí dul i gcomhairle leis agus comhoibriú leis chun gealladh thaifid an údaráis mar fhoinse faisnéise staidrimh a mheasúnú, agus, más cuí agus más indéanta sin, a mhodhanna agus a chórais taifeadta a fhorbairt chun críocha staidrimh, agus déanfaidh an t-údarás poiblí aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh, a mhéid atá na hacmhainní ann chuige sin.

(2) Má bheartaíonn aon údarás poiblí aon chóras a thabhairt isteach, a athbhreithniú nó a leathnú, ar córas é chun faisnéis a stóráil agus a aisghabháil, nó suirbhéireacht staidrimh a dhéanamh rachaidh sé i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóir agus glacfaidh an t-údarás poiblí le haon mholtaí a dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir le réasún i ndáil leis an togra.