Staitisticí Oifigiúla

Tábhacht an Staidrimh Oifigiúil

Tá Staidreamh Oifigiúil ríthábhachtach chun sochaí fheasach a mhúnlú do mhuintir na hÉireann. Tá na sonraí seo fíor-riachtanach chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais in Éirinn gach bliain bainteach le hábhair ar nós riachtanais sláinte, geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil. Dá bhrí sin, mar gheall ar bhunphrionsabail an neamhspleáchais, na tráthúlachta, na hinrochtaineachta, na cáilíochta agus na rúndachta atá i gcroílár Staidrimh Oifigiúil tá na sonraí staidrimh seo níos tábhachtaí ná riamh.

Cad is Staitisticí Oifigiúla ann?

San Acht Staidrimh, 1993 sonraítear staitisticí oifigiúla mar staitisticí atá tiomsaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nó údarás poiblí eile, is cuma an faoin Acht Staidrimh, 1993 nó ar shlí éigin eile.

Chun críocha Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (ISSCoP) comhaontófar "Staitisticí Oifigiúla" idir Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus ceann an údaráis phoiblí lena mbaineann más rud é go meastar iad a bheith tairbheach a dhóthain maidir le leas an phobail agus ag sásamh na gcritéar seo a leanas:

  • arna dtáirgeadh ag údarás poiblí nó thar a cheann;
  • leanúnach, is é sin, is féidir a bheith ag súil go réasúnach go dtabharfar an staitistic foilsithe cothrom le dáta le sonraí nua chun inchomparáideacht a chur ar fáil i rith ama.
  • áit a bhfuil staitistic á táirgeadh mar staitistic aon-uaire, d’fhéadfadh go measann Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, i gcomhairle leis an údarás poiblí lena mbaineann, gur Staitistic Oifigiúil í má mheastar í a bheith chun leas an phobail.
  • í a bheith sa bhfearann poiblí.

     

     

    Is iad seo a leanas na comhlachtaí seirbhíse poiblí a bhfuil dámhachtain ISSCoP faighte acu go dtí seo: Na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Airgeadais,an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus An Rionn Fiontar, Traclála agus Fostaíochta. Féach thíos le haghaidh liosta de na saothair ghaolmhara a bhfuil deimhniú ISSCoP tugtha dóibh.

 

Liosta Staitisticí Oifigiúla

Beidh liosta na Staitisticí Oifigiúla á fhorbairt agus á thabhairt cothrom le dáta i rith ama. Liostófar Staitisticí Oifigiúla ar an suíomh gréasáin seo nuair a bheidh measúnú déanta orthu de réir Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (CCCSÉ). 

Liosta Staitisticí Oifigiúla Deimhnithe ag CCCSÉ

An tÚdará um Ard-Oideachais

Dalta sonraí

Céimí sonraí

 

An Roinn Oideachais

Méid an Ranga (Ceistneoir UOE[1])

Daltaí ar an Rolla (Ceistneoir UOE)

Iontrálaithe de réir leibhéil oideachais (Ceistneoir UOE)

Meiteashonraí Cáilíochta agus Cruinnis maidir le Staidreamh Oideachais

Caiteachas ar Oideachas (Ceistneoir UOE)

Céimithe (Ceistneoir UOE)

Mapáil ISCED (Ceistneoir UOE)

Foghlaim Teanga Iasachta (Ceistneoir Eurostat)

Foireann Oideachais (Ceistneoir UOE)

Daltaí ar an Rolla – Sonraí Réigiúnacha (Ceistneoir Eurostat)

An Roinn Sláinte

Modúl breise do staitisticí Eurostat (Comh-cheistneoir um Staitisticí Neamh-Airgeadais ar Chúram Sláinte)

Modúl comónta WHO-OECD-Eurostat – Gníomhaíochtaí Cúram Sláinte

Modúl comónta WHO-OECD-Eurostat – Foireann Sláinte Fostaithe in Ospidéil

Modúl comónta WHO-OECD-Eurostat – Othair scaoilte amach ón ospidéal de réir an ISHMT/ICD

Modúl comónta WHO-OECD-Eurostat – Acmhainní fisiciúla

Modúl comónta WHO-OECD-Eurostat – Imirce an Lucht Saothair 

 

An Roinn Fiontar, Tráclála agus Fostaíochta

ABS

ABSEI

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Tuarascáil na Creat-Treorach Dramhaíola

Comhtháscaire Bardasach Eurostat an ECFE

An Roinn Airgeadais

An Monatóir Fioscach (Gan na próifílí ná an tráchtaireacht faoi na próifílí san áireamh)

Ioncam

Fáltais Ioncaim de réir Ceannteideal Cánach

Fáltais Ioncaim de réir Earnála

Fáltais Ioncaim de réir Contae

Miondealú ar Fháltais ó Cháin Fháltais Caipitiúil

Miondealú ar Fháltais ó Dhleacht Stampála

Staitisticí faoi Cháin Mhaoine Áitiúla (CMÁ) (tuarascálacha deireadh bliana)

Staitisticí faoi Cháin Mhaoine Áitiúla (CMÁ) (tuarascálacha ráithiúla)

Costais Chaiteachas Cánach (Creidmheasa, Liúntais agus Faoisimh)

Faoisimh Chánach Áirithe Bunaithe ar Réadmhaoin

Staitisticí faoi Dhreasacht Athchóirithe Tí (DAT) (tuarascálacha deireadh bliana)

Staitisticí faoi Dhreasacht Athchóirithe Tí (DAT) (nuashonruithe míosúla)

Staitisticí faoi Dhreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI) 2012-2016

Staitisticí faoi Dhreasacht Chabhrach Chun Ceannaigh (HTB).

RVA01: Dáileadh Cháin Ioncaim de réir Chineál Ioncaim Chomhláin, Réimse an Ioncaim Chomhláin, Stádas Pósta, na Bliana agus Staidrimh

RVA02: Dáileadh Cháin Ioncaim de réir Raon Ioncaim Inchánach, Stádas Pósta, na Bliana agus Staidrimh

RVA03: Dáileadh an Mhuirir Shóisialta Uilíoch de réir Raon Ioncaim MSU, Stádas Pósta, na Bliana agus Staidrimh

RVA04: Dáileadh Cháin Ioncaim agus Muirear Sóisialta Uilíoch de réir Raon Ioncaim Chomhláin, Stádas Pósta, na Bliana agus Staidrimh

RVA05: Dáileadh Faoisimh Úis ar Iasachtaí Tí de réir Raon Ioncaim Iomláin, Stádas Pósta, na Bliana agus Staidrimh

RVA06: Cáin Chorparáide a Dháileadh de réir Réimse Glanioncam, Cineál Ioncaim nó Cánach, na Bliana agus Staidrimh

RVA07: Liúntais, Faoisimh agus Asbhaintí Cánach Corparáide á nDáileadh de réir Raon Glan-Ioncaim, Cineál

RVA08: Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí CBL de réir Réimse Íocaíochta/Aisíocaíochta CBL, na Bliana agus Staidrimh

RVA09: CBL de réir Réimse Ioncaim Chomhláin ó Thrádáil nó ó Ghairm (Cás I nó II), na Bliana agus Staidrimh

RVA10: CBL de réir Réimse Incaim Chomhiomláin, na Bliana agus Staidrimh

RVA11: Dáileadh na bPríomhchreidmheasanna Cánach de réir Stádas Pósta, Cineál na gCreidmheasanna Cánach, Faoisimh agus Díolúintí, an Cineál Cáiníocóra agus na Bliana

Staidreamh maidir le Ríomh Cánach Ioncaim

Soláthraithe Ioncaim de réir Ráta Cánach Ioncaim

Cáin Ioncaim

Saothraithe Ioncaim de réir Rátaí MSU

Staidreamh maidir le Ríomh Cánach Corparáide

Clárúcháin, Measúnachtaí agus Idirbhearta

Clárúcháin CBL de réir Earnála

Cáin Chláraithe Feithiclí

Miondealú ar Thuairisceáin faoi Cháin Fáltas Caipitiúil (Geografach)

Miondealú ar Thuairisceáin faoi Dhleacht Stampa

RTA01: Próifíl Luacha Carranna Nua Cláraithe de réir Luacha, Cineál Clárúcháin agus na Bliana

RTA02: Próifíl Carranna Úaidte (Allmhairithe) arna gClárú de réir Luacha, Cineál Clárúcháin agus na Bliana

RTA03: Gluaisteáin Úsáidte Allmhairithe de réir Tíre Cláraithe Deiridh agus Bliain

Staitisticí faoi Fhorfheidhmithe Sirriam agus Aturnae

Miondealú de réir Contae ar an Réimse Fostaíochta de réir Fostóirí

Fáltais Mháil de réir Tráchtearra

Méid Máil de réir Tráchtearra

Ceadúnais Mháil

Miondealú ar Fháltais Dleachta Ghealltóireachta

Minicíocht Cánachais Dleachta agus CBL

Fáltais Alcóil Stairiúla

Staitisticí ó Thuarascálacha Bliantúla

Staitisticí faoi Shrianta ar Dhaoine Ard-Ioncaim

Earnáil na Feirmeoireachta in Éirinn: Próifíl ó Shonraí na gCoimisinéirí Ioncaim.