Cláraigh le Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (CCCSÉ)
Sa chuid seo liostáiltear na príomhbhearta nach mór a ghlacadh chun clárú le CCCSÉ
- Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh teagmháil le húdaráis phoiblí a thiomsaíonn Staitisticí Oifigiúla. Tabharfaidh sí an tacaíocht agus an treoir atá ag teastáil maidir le ISSCoP.
- Beidh ar údaráis phoiblí comhordaitheoir staidrimh a ainmniú ar a bhfuil an cúram monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin i ndáil le tiomsú agus eisiúint Staitisticí Oifigiúla laistigh den údarás. Feidhmeoidh an comhordaitheoir mar phríomhtheagmhálaí idir an údarás poiblí agus an Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le nithe a bhaineann le Staitisticí Oifigiúla.
- Déanfar Staitisticí Oifigiúla a aithint nuair a théann Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus an t-údarás poiblí i gcomhairle lena chéile.
- An Próiseas Meastóireachta
-
Ceistneoir féinmheasúnaithe, le comhlánú ag an údarás poiblí .Beidh ar an údarás poiblí ceistneoir féinmheasúnaithe ESCoP a chomhlánú má bhíonn lógó ISSCoP á lorg acu le haghaidh staidrimh Eorpaigh, chun comhlíonadh an Chóid a léiriú.
-
Ceistneoir féinmheasúnaithe, le comhlánú ag an údarás poiblí .Beidh ar an údarás poiblí ceistneoir féinmheasúnaithe ESCoP a chomhlánú má bhíonn lógó ISSCoP á lorg acu le haghaidh staidrimh Eorpaigh, chun comhlíonadh an Chóid a léiriú.
- Déanfar bearta chun feabhas a bhaint amach a dhearadh i ndiaidh féinmheastóireacht agus athbhreithniú piara a bheith déanta d’fhonn aird a dhíriú ar na nithe cearta agus an dílseacht don chód cleachtais a neartú. Déanfar monatóireacht go rialta ar an dul chun cinn ar na bearta seo.
-
- Foilseoidh an t-údarás poiblí ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina míneoidh sé a dhílseacht do ISSCoP.
- Liostálfar Staitisticí Oifigiúla ar shuíomh gréasáin ISSCoP faoi Staitisticí Oifigiúla.
- Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar thiomsú agus eisiúint Staitisticí Oifigiúla i gcomparáid le ISSCoP.
- B’fhéidir go léireoidh Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh tuairim ar chur i bhfeidhm ISSCoP.
- Beidh de cheart ag údaráis phoiblí a thiomsaíonn Staitisticí Oifigiúla de réir ISSCoP a gcuid Staitisticí Oifigiúla a fhoilsiú faoi lógó ISSCoP.
Sonraí teagmhála
Más mian le d’eagraíocht tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas ISSCoP, déan teagmháil leis an bhfoireann ag: isscop@cso.ie nó cuir glaoch orainn ag +353-1-498-4173.