Córas Staidrimh na hÉireann Cód Cleachtais maidir le Staitisticí Oifigiúla

Réamheolas

Is cuid dhílis de shochaí fhorbartha ar bith iad Staitisticí Oifigiúla. Chun a bheith áisiúil ní mór staitisticí oifigiúla a bheith á dtáirgeadh ar shlí neamhspleách oibiachtúil chun muinín an phobail a chothú. Tá feidhm thábhachtach ag Staitisticí Oifigiúla i ndáil le fianaise a sholáthar a thugann treoir do lucht déanta beartais agus beartas á chumadh agus á mheas acu.

Agus staitisticí Eorpacha á dtáirgeadh cloítear le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh [EN]  . Tá sé ar aon dul le Bunphrionsabail Staidrimh Oifigiúil na Náisiún Aontaithe. Tugann na cóid seo an chinnteacht go dtiomsaítear staitisticí ar shlí oibiachtúil neamhspleách agus go gcloítear le prionsabail fhónta bainistithe sonraí agus bainistithe staitistiúil.

I gcomhthéacs Éireannach glacann mórán daoine leis an bPríomh-Oifig Staidrimh mar an t-aon eagraíocht a sholáthraíonn Staitisticí Oifigiúla. Déanann réimse leathan údarás poiblí Staitisticí Oifigiúla agus Staitisticí Eorpachaaraon a thiomsú, áfach.

Cloíonn tiomsaitheoirí Staitisticí Eorpacha in Éirinn le hESCoP ach níl aon chaighdeáin ann maidir le tiomsú Staitisticí Oifigiúla eile a dhéanann údaráis phoiblí seachas an Phríomh-Oifig Staidrimh. Sa chomhthéacs seo foilsíodh an Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011 [EN] (PDF 374KB) a chuireann de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh Cód Cleachtais do Chóras Staidrimh na hÉireann a fhorbairt.

Baineann an Cód seo le tiomsú Staitisticí Oifigiúla atá á dtáirgeadh laistigh de Chóras Staidrimh na hÉireann (ISS). Is fo-thacar de ESCoP é. Tugann staitisticí ar a bhfuil lógó Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (ISSCoP) gur Staitisticí Oifigiúla iad agus go gcloíonn siad le ISSCoP.  

 

Prionsabail 1: Neamhspleáchas Gairmiúil

Bunphrionsabal is ea é go gcuirtear caighdeáin neamhspleácha thrédhearcacha oibiachtúla i bhfeidhm nuair a bhíonn Staitisticí Oifigiúla á dtáirgeadh. Ní chuireann cúrsaí polaitiúla ná haon rud eile isteach orthu. Is é an chuspóir ná a chinntiú go bhfuil siad iontaofa agus gur féidir leis an bpobal muinín a bheith aige as Staitisticí Oifigiúla.

Táscaire

  1. Tiomsaítear Staitisticí Oifigiúla ar shlí ghairmiúil neamhspleách gan aon chúrsaí polaitiúla ná haon rud eile a bheith ag cur isteach orthu.
  2. Tá neamhspleáchas ag aonaid staidrimh nó acu siúd a bhfuil baint acu le tiomsú Staitisticí Oifigiúla sna húdaráis phoiblí i bhfeidhmiú na nithe seo a leanas:
    • an mhodheolaíocht staidrimh agus na caighdeáin ghairmiúla atá le cur i bhfeidhm;
    • inneachar aschur staitistiúil atá le heisiúint;
    • tráthúlacht agus modhanna scaipthe na staitisticí a tiomsaíodh thar ceann na heagraíochta sin.
  3. Ainmníonn údaráis phoiblí comhordaitheoir staidrimh ar a bhfuil freagracht as caighdeáin mhonatóireachta thar foinsí sonraí.

Bunphrionsabal 2: Tráthúlacht agus poncúlacht

Eisítear Staitisticí Oifigiúla go tráthúil poncúil.

  1. Tugann tráthúlacht agus tréimhsiúlacht riachtanais na n-úsáideoirí san áireamh.
  2. Cuirtear féilirí roimh-eisiúna ar fáil go poiblí ar a bhfuil dáta foilsithe ‘ní déanaí ná’.

 Bunphrionsabal 3: Inrochtaineacht agus Soiléire

Cuirtear Staitisticí Oifigiúla i láthair i bhfoirm shoiléir shothuigthe, iad eisithe ar shlí oiriúnach áisiúil. Cuirtear ar fáil iad agus tá rochtain orthu ar bhonn neamhchlaonta mar aon leis an bhfaisnéis tacaíochta.

Táscaire

  1. Tá Staitisticí Oifigiúla liostáilte ar shuíomh gréasáin ISSCoP (www.isscop.ie)
  2. Cuirtear aschuir staitistiúla chaighdeánacha ar fáil do gach duine saor in aisce.
  3. Cuirtear Staitisticí Oifigiúla ar fáil i bhformáid a bhfuil teacht éasca uirthi.
  4. Cuirtear úsáideoirí ar an eolas faoin modheolaíocht agus cuirtear ar an eolas iad faoi aon athruithe ar bith a dhéantar ar an modheolaíocht.
  5. Tá córais sonraí ceaptha ar shlí gur féidir iad a chur in oiriúint chun asbhaint sonraí loma chun críocha anailíse a éascú. In Alt 31 (2) den Acht Staidrimh, 1993 tá an creat reachtaíochta um chomhar idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus údaráis phoiblí i dtaobh na gceisteanna seo leagtha amach.

Bunphrionsabal 4: Dílseacht d’Ardchaighdeán

Déanann gach tiomsaitheoir staitisticí oifigiúla athbhreithniú go córasach agus go rialta ar na próisis chun tacú leis an bhfeabhsúchán a dhéantar de shíor ar phróiseas agus caighdeán an táirge.

Táscaire

  1. Déantar Staitisticí Oifigiúla a mheas de réir prionsabail na hábharthachta, an chruinnis agus na hiontaofachta, na tráthúlachta agus na poncúlachta, na comhtháiteachta agus na hincomparáideachta, na hinrochtaineachta agus na soiléire, na modheolaíochta fónta agus maidir le nósanna imeachta cuí staidrimh.

 Bunphrionsabal 5: Rúndacht

Cinntíonn údaráis phoiblí a tháirgeann Staitisticí Oifigiúla nach féidir duine aonair ná aonán ar leith a aithint go díreach ná go hindíreach le cabhair na n-aschur staitistiúil.

Sainmhínithe

Cuimsíonn Córas Staidrimh na hÉireann na codanna siúd den earnáil phoiblí a bhfuil baint acu le bailiú staitisticí oifigiúla (cibé acu, go díreach nó go hindíreach), le próiseáil, le tiomsú nó le heisiúint staitisticí oifigiúla. In Éirinn, is í an Phríomh-Oifig Staidrimh a tháirgeann staitisticí oifigiúla ach lasmuigh di táirgeann roinnt ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit iad, chomh maith.

San Acht Staidrimh, 1993 sonraítear staitisticí oifigiúla mar staitisticí atá tiomsaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nó údarás poiblí eile, is cuma an faoin Acht Staidrimh, 1993 nó ar shlí éigin eile.

Chun críocha Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (ISSCoP) comhaontófar staitisticí oifigiúla idir Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus ceann an údaráis phoiblí lena mbaineann má mheastar iad a bheith tairbheach a dhóthain maidir le leas an phobail agus ag sásamh na gcritéar seo a leanas:

  • arna dtáirgeadh ag údarás poiblí nó thar a cheann.
  • leanúnach, is é sin, is féidir a bheith ag súil go réasúnach go dtabharfar an staitistic cothrom le dáta le sonraí nua chun inchomparáideacht a chur ar fáil i rith ama.
  • áit a bhfuil staitistic á táirgeadh mar staitistic aon-uaire, d’fhéadfadh go measann Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, i gcomhairle leis an údarás poiblí lena mbaineann, gur Staitistic Oifigiúil í má mheastar í a bheith chun leas an phobail.
  • í a bheith sa bhfearann poiblí.

 

Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais ar Chód Cleachtais Chórais Staidrimh na hÉireann a fháil

Suíomh gréasáin: http://www.isscop.ie

r-phost: isscop@cso.ie

 

Naisc Ghaolmhara‌‌

Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann [EN] (PDF 1,282KB)

Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh [EN]