ISSCOP logo image

‘Nuashonrú Bliantúil 2022 – Cód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann’

Tuarascáil Bhliantúil an Ard-Stiúrthóra 2022

Is é seo an t-uasdátú bliantúil don bhliain 2022 de Chód Cleachtais Chóras Staidrimh na hÉireann (CCCSÉ). Maidir le freagra na hÉireann i leith ghéarchéim na hÚcráine le linn na bliana 2022, tarraingníodh aird ar an tábhacht chriticiúil a bhain le sonraí ardchaighdeáin na hearnála poiblí chun tacú le cinnteoireacht bunaithe ar fhianaise.  Is cuid thábhachtach é CCCSÉ chun áisiúlacht agus cáilíocht Staidreamh Oifigiúil na hÉireann a neartú tuilleadh.

Cuireadh de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh creataí comhordaithe riachtanach a chruthú a thacaíonn le Córas Staidrimh na hÉireann i gcoitinne chun freastal ar riachtanais fhoireann fhairsing na ngrúpaí úsáideora lena n-áirítear cinnteoirí agus an pobal araon. Cuidíonn Córas Staidrimh na hÉireann leis an bPríomh-Oifig Staidrimh freisin chun freastal ar riachtanais reachtaíochta na hÉireann mar atá leagtha amach i reachtaíocht an AE. Le linn na bliana 2022, lean an Phríomh-Oifig Staidrimh uirthi ag déanamh monatóireacht ar chomhlíonadh CCCSÉ ag tiomsaitheoirí Staidrimh Oifigiúil agus ar chomhlíonadh Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh ag tiomsaitheoirí Staidrimh Eorpaigh.

Bhí comhoibriú suntasach ar bun idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais maidir le gealltanais a fhorbairt i leith dea-chleachtais chun Staidreamh Oifigiúil a chur ar fáil faoi CCCSÉ. Le linn na bliana bhí réimse Staidrimh Oifigiúil ag ceithre chomhlacht eile san earnáil phoiblí deimhnithe ag CCCSÉ, is iad sin an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an Roinn Sláinte, an Roinn Oideachais agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus roinnt eagraíochtaí eile atá i mbun phróiseas deimhnithe CCCSÉ ar bhonn gníomhach. Is féidir teacht ar shonraí an Staidrimh Oifigiúil a deimhníodh le linn na bliana 2022 ar ‘Staidreamh Oifigiúil’ ag www.isscop.ie.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a fuair siad le linn na bliana 2022 ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí maidir leis an tionscnamh suntasach seo a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach, rud a neartaíonn cumas Chóras Staidrimh na hÉireann chun freastal ar riachtanais náisiúnta agus AE araon. Thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh, tá mé ag súil leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú seo lenár gcomhpháirtithe amach anseo.

Pádraig Dalton

Ard-Stiúrthóir

An Phríomh-Oifig Staidrimh